Volume: CBÉ 0148
- Date
- 9 December 1935
- Collector
- Locations
On this page
- (continued from previous page)seana mhná agus tá sé agam féin anois is is geárr go mbead-sa críona mo dhóithin leis. Is gearr go n-imeóidh sé uaim.
- Bhí mac feirmeóra mar sin fudó un is bhíodh sé amuich na h-aon oidhche go dtí an dá uair ’iag agus mar sin, agus má bhíodh bhí sé a tacht abhaile mar seo oidhche agus do bhí sé a’ g'áilt thar dhorus tíghe ba ghiorra dá tig féinig a’s cad a chífeadh sé ar a dtaobh amuich ’on fhinneóig
ná bean ag an fhinneóig an tíghe sin "Leog chúgham amach é", arsan bhean amuich. N’fheadair
sé cad a bhí istig. D’imthigh sé go dtí an fhinneóg is chaith sé - chuir sé an rith ar a mnaoi a bhí ag an bhfinneóig agus cad a chuirfí- sínfí chuige amach ná staic leinbh. Bheir sé ar a’ leaabh is bhuail sé fé ’n-a chusóig é is
thóg sé leis abhaile é, agus bhí a chuid - a dhaoine féin ’n-a gcodla. Bheir sé leis i n-áirde
ar lochta na- sa leabaidh é. Do bhí an leanbh(continues on next page)