Imleabhar: CBÉ 0283

Dáta
1928
Bailitheoir
Suíomh
Brabhsáil
An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0283, Leathanach 0007

Tagairt chartlainne

An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0283, Leathanach 0007

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    agus
    Insán áit sin (na Cillíní) ó n-a bhfeacaidh sí an radharc
    álúinn sin a thóg an ceó dá croidhe tá cloch na seasamh
    fós ag taisbeaint an spota ar a raibh sí le linn na
    h-aimsire sin. Do chuir sí a dá h-uilinn anuas ar an
    gcloch san ag féachaint uaithe anonn agus tá rian a lámha
    ar an ghcloich ó shoin i leith.
    Do ghluais Gobnait uirthe anonn go dtí Gort na Tiobradan
    agus do thosnuigh sí ar a clochr do thógaint insan áít
    bheannuighthe sin. Fuair sí cabhair agus congnamh chun san
    a dhéanamh agus níor bhfada go raibh an foirgneamh go
    h-árd os cionn tailimh.
    Le linn na h-aimsire sin do tháinig dream éigin mar
    Phrotastúnaig ag triall ar bhaile Mhúirne agus do
    chuireadar fútha ann. Do thosnuigheadar ar foirgneamh dá
    gcuid féin do thógaint ar aghaidh Ghort na Tiobradan
    anonn ar mhágh mín. Do chuir san fearg ar Ghobnait
    agus do shocruig sí na h-aigne ar deire do chur leis an
    obair seo. Nuair a bhíodh obair an lae críochnuighthe
    agá muinntir féin agus ag an mhuinntir eile do
    sheasuigheadh sí ar bharr an cnocáin agus do chaitheadh
    sí bolla ˛or leis an bhfoirgneamh gallda do leagadh
    go talamh é. Do thagadh an bolla míorbhúilteach so tharnais
    chúiche dá leointe féin gach tráthnóna.
    Nídh nárbh iongnadh do tháinig sgion agus crith-eagla
    ar na stróinséirí agus fuaradar go raibh an foirgneamh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Dáta
    19 March 1928
    Cineál míre
    Seanchas
    Teanga
    Irish
    Modh scríbhneoireachta
    Lámhscríofa
    Script scríbhneoireachta
    Cló Gaelach
    Faisnéiseoir