Imleabhar: CBÉ 0283
- Dáta
- 1928
- Bailitheoir
- Suíomh
Ar an leathanach seo
- 219
Tá sé ráidhte riamh gur mian mic a shúil.
Do bhí an leanbh losa agus a mháthair ag siubhail lá
amháin. Do casadh ar sgiobal iad mar a raibh ceathriar
buailteoirí ag bualadh chruithneachtan ar lár an sgibeoil.
Do bhí an leanbh ag féachaint uirthi. Do tháinig
dúil sa chruithneacht aige; ach má tháinig níor
mhothuigh aoinne é. D’fhágadar an sgiobal agus
ní fada ó bhaile a bhíodar nuair a thosnuigh an
leanbh ar bheith ag muan fuighigh.
D’fhiafruigh an mháthair do chad fé ndeara dho
"Tháinig dúil sa chruithneacht
bheith ag muaisuighigh.
agam, a mháthair, "ar seisean. "agus caithfeadh mo
mhian a sásamh ar chuma éigin."
Fill-se go dtí an sgiobol," ar seisean, "agus
abhair leis na buailteoirí gur tháinig dúil sa chruith-
neacht agam-sa, ach dá mbé a dtoil deirc di a
thabhairt duit," ná tabhair leat ach an méid a thógfaidh
siúl do dá mhéar.
D’iompuigh an Mhaighdean ar a sháil agus tháinig sí
go dtí an sgioból. Dubhairt sí leis na fir dá mbí
a dtoil deirc bheag a thabhairt di mar ghur tháinig dúil
sa chruithneacht ag an ngarsún(leanann ar an chéad leathanach eile)