Imleabhar: CBÉ 0283
- Dáta
- 1928
- Bailitheoir
- Suíomh
Ar an leathanach seo
- Is mór an seó iad na míorbhúiltí a aithrisightear i
dtaobh Naomh Gobnait agus is deallruightheach go mbíonn
trácht uirthe abhfad ó bhaile mar do bhí ana bheann ag
muinntir an deiscirt go h-áithrighthe uirthe fadó.
Is ana dheacair a rádh cár rugadh agus cár tógadh
í mar bíonn a innsint féin ag gach aoinne ar an
sgéal. Tá daoine ann adeir gur i n-iarthar na
h-Éireann a rugadh í agus gurab inghean rí Chonn-
achta í agus daoine eile adeir gur í Laighnibh iseadh
do rugadh í. Táid ann adeir gur inghean flaithe(leanann ar an chéad leathanach eile)