Imleabhar: CBÉ 0283

Dáta
1928
Bailitheoir
Suíomh
Brabhsáil
An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0283, Leathanach 0081

Tagairt chartlainne

An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0283, Leathanach 0081

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal)

    Uair amháin go raibh Dómhnall Ua Conaill i Lonndain...

    Uair amháin go raibh Dómhnall Ua Conaill i Lonndain do tugadh cuireadh dho dul go dtí tigh áirighthe agus do
    chuaidh. Taréis tamaill do cuireadh na h-árthaighe ar
    an mbórd agus dubhrathas le Dómhnall suidhe síos agus
    béile do chaitheamh. Do shuidh sé chun búird agus bhí daoine móra na theannta. Do cuireadh gloiní fíona os a gcómhair amach ar an mbórd ar dtúis.
    Do bhí cailín aimsire sa tigh agus Gaedheal dob
    eadh sise. D’aithin sí Dómhnall Ua Conaill agus i lár
    na cainnte dubhairt sí mar seo:
    "A Dómhnaill Uí Chonaill an dtuigeann tú Gaedhilg".
    Arsa Dómhnall: " Cad na thaobh ná tuigfinn agus mé
    ó Éirinn".
    Arsan cailín: "Tá nimh sa chupán a mharbhóchadh na céadta - ith do dhóithin agus ná h-ól aon bhraon de".
    Do thuig Dómhnall conus mar a bhí an sgéal agus nuair a fuair sé caoi do chuir sé a ghloine féin i n-áit an ghloine ba ghiorra dho agus do chomáin sé leis.
    Do mhairbh an nimh an fear eile agus do thug Dómhnall na cosa leis ach mura mbeadh an cailín Gaedhealach do bheadh sgéal gan dath aige.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Dáta
    1930
    Cineál míre
    Seanchas
    Teanga
    Gaeilge
    Modh scríbhneoireachta
    Lámhscríofa
    Script scríbhneoireachta
    Cló Gaelach
    Faisnéiseoir