Imleabhar: CBÉ 0283
- Dáta
- 1928
- Bailitheoir
- Suíomh
![An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0283, Leathanach 0021](https://doras.gaois.ie/cbe/CBE_0283%2FCBE_0283_0021.jpg?format=jpg&width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0283, Leathanach 0021
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilAr an leathanach seo
(gan teideal) (ar lean)
“Do bhí ar fheirmeoiríbh na h-Éireann deicmheadh a dhíol leis na Sasanaig tráth...”
(ar lean ón leathanach roimhe)21
Gharrdha agus Dromónaig ar an dtaobh theas di, chun go
dtéigheann sí go dtí an Fhothrais. Ráth Laoich agus
Ínseacha an Chaisleain ar an dtaobh theas di.
Tá gleann na nDearg agus Códram agus an Goirt-
ín Ruadh ar an dtaobh thuaidh di chun go sroiseann
sí sráid Mhaghchromtha.
Tá sí ag imtheacht suas fan bhóthair Mheasaidhe agus Cúil
Liatháin ar an dtaobh thuaidh di; an tSléibhín
agus Cúil Cabhair ar an dtaobh-theas. Lomaire
agus Mágh Seanaglais ar an dtaobh thuaidh chun
go sroiseann sí an laoi.
Siad na puill is eol dom gur báthadh daoine ionnta:
Poll an Piscínl Poll Ínse Dhroichid Charraig an Adhmuid
agus Poll na bhFiacala nDubha; Poll na Seán; Poll na Bró;
Poll scairbh Pheig Ceartaí; Poll Ínse na h-Annraí agus
Linn Chódraim agus níl eolas agam ar a thuilleadh aca.
D’airighinn ráidteachas sean-daoine mura mbádhfaí
duine sa t-Sullán ar feach seocht mblian go gcuirfeadh
sí trí búirth aisti do h-aireochthaí ar fuaid na
ngleannta tímpeall uirthe.
Is greannmhar an rud é go mbáidtear duine san
abhainn sin uair ins na seacht mbliana san gan teip.(leanann ar an chéad leathanach eile)