Volume: CBÉ 0283
- Date
- 1928
- Collector
- Location
![The Main Manuscript Collection, Volume 0283, Page 0410](https://doras.gaois.ie/cbe/CBE_0283%2FCBE_0283_0410.jpg?format=jpg&width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Main Manuscript Collection, Volume 0283, Page 0410
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOn this page
An Buachaill agus a Bhean (continued)
“Is sean-fhocal é "go smachtuigheann gach aoinne an bhean bhorb...”
(continued from previous page)410
Do réir mar a bhí na h-ingheanacha ag eirighe
chuige do bhí an t-athair á gcur i gcric
agus i gcrich fóghanta leis mar go raibh sé
ar a chaotamhlacht spré maith a thabhairt dhoib.
go leir . Bhíodar go léir cúrtha i gcrich
sa deire ach an inghean dobh óige.
Ní raibh aon eileamh ar aoinne uirthe sin
nídh nárbh iongnadh. D’fhagadh annsan sa
chúinne gan pósadh í gan aon truagh ag
aoinne dhe i ní raibh a mhalairt tuillte aici.
Ach díreach mar adeir an sean-fochal
an rud is lugha coinne leis a thárluigheann.
Nuair a cheap an saoghal go léir g a h-athair
féin go bhfagfaí annsan í, do bhuail istea.
chúcha tráthnóna mar seo sgafaire breagh
fir ón bparróisde ba ghiorra do g
é ag iarraidh na h-ingne chun a phósta.
feirmeoir créideamhnach go maith dob:
eadh an buachaill seo. Bhí seilbh
maith talamh aige agus é go sheasgair ann."
Do bhí áitne maith ag athair na mna
óige air, agus nuair a innis sé cad(continues on next page)