Volume: CBÉ 0283
- Date
- 1928
- Collector
- Location
![The Main Manuscript Collection, Volume 0283, Page 0411](https://doras.gaois.ie/cbe/CBE_0283%2FCBE_0283_0411.jpg?format=jpg&width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Main Manuscript Collection, Volume 0283, Page 0411
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOn this page
An Buachaill agus a Bhean (continued)
“Is sean-fhocal é "go smachtuigheann gach aoinne an bhean bhorb...”
(continued from previous page)411
a thug ann é do labhair an féanduiná leis
mar seo"
"Dar go deimhin a ógánaig is mó gam
Do theacht agus is mo ná san fós agam an
gnó a thug annso thu. Níl aon fhear
eile ar dhruim an domhain a geobhadh an
inghean uaim níos túisge ná mar a gheobaidh
Tusa í. Bhí aithne mhaith agam ar thiathair
rómhat agus ba dheas macanta an áitne í.
Bhuel is le méid mo mheasa orth athaim
chum an t-Éitheachas a thabhairt duit anois.
Ní thabharfainn duit ó a bhuachaill mar
nár maith liom go mbeadh sé de chrann
ar aoinne sa domhan, gan bac leat-sa
braobaire borb caillighe a bheith mar
lainnis fé.
Ta’ s agat féin chómh maith liom-sa nac
aon earradh fóghanta an inghean ag so agan-sa
agus dá mbeadh gur fadó siamh a bh’eadh
sí imthighthe uaim do réir mar imthigeadar
go léir uaim."(continues on next page)