Volume: CBÉ 0283
- Date
- 1928
- Collector
- Location
![The Main Manuscript Collection, Volume 0283, Page 0414](https://doras.gaois.ie/cbe/CBE_0283%2FCBE_0283_0414.jpg?format=jpg&width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Main Manuscript Collection, Volume 0283, Page 0414
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOn this page
An Buachaill agus a Bhean (continued)
“Is sean-fhocal é "go smachtuigheann gach aoinne an bhean bhorb...”
(continued from previous page)414
"fóg san as san uaim," arsan buachaill leis an ngadar
go feargach. Níor fhág, agus dob’fhearra dho féin
go mór go bhfágfadh mar níor dhein an buachaill
ach iarracht de chic a tharraing air g buille dá
cheann a bhualadh amuigh i gcoinnibh an fhalla i dtre
gur thug sé seochtmhain na dhiaidh san ag aiseagh
agus ba dhóbair do bhás d’fhaghail le neart breoidh.
teachta. Do bhí an bhean ag féachaint air agus
má bhí níor tháinig focal amach as a bhéal.
Amach leis go cró na mbó agus cleith ailpín
aige. Bhí radhara maith an dtigh ar an gcró
agus do thuig an buachaill go raibh san amhlaidh.
Do ráinig go raibh ceann des na buaibh
sinte treasna an dorais roimis.
"Ceartaigh síos annsan," arsan buachaill
leis an mbuin, Má dubhairt, níor cheartuigh
an bó dho.
Níor dhein sé ach iarracht den
chleith ailrin a tharraing treasna chuaim- drioma
ar an gcréatúir bocht agus deirim-se leat gur
fhág sí an áit annsan agus deithineis uirthi
"Anbasa" arsan bhean léi féin, "ach is dóigh
liom garr droch-bhuachaill é seo agus ní mór domh(continues on next page)