Volume: CBÉ 0441 (Part 5)
- Date
- 1935–1937
- Collector
- Location
On this page
- (continued from previous page)agus pocaidí du' Ros Muc." (Buachaill adubhairt an méid sin), "is gearr go mb'éigean dó siubhal a bheith aige. Dá bhfáightí greim air .... - Thug sé siubhal dó fhéin."
- "Amhuis - daoine bhéadh fiadháin, droch-mhúinte - daoine gan staidéar.
- "Mangaire - an rud is measa ar fad - gan rud ar bith a bheith puinteáilte - gan craipí - gan bheith socruighthe suas ná tada."
- Baisdeadh an Hata
"Baisdim thú gan tón [tún] gan ceann,
Gan uisge coisrigth' ná airgead i láimh.
Fios t'ainm ní fhéadaim a fhághail,
Muran olann thú dfhás ar chaora dhubh nó ar chaora bháin."
"Mícheál Mac Suibhne, ag faoistín i dteach, dubhairt a' sagart leis: 'Baist é seo dhom'." - Ceist
"Cé an lá saoire insa ngeimhreadh a ndéantar a throsgadh ins a' bFoghmhar?"
[Coisméag Mór, Na Forbacha, Nodlaig 19 ]