Nó (ná) déan bhaoileánn bhána dhó bhíonns sa bfhánán ins na gleanntaibh (v)
Nó cuir ceathra bliadhna déag air aríst ar a' talamh
A' slánú na gCríosdaidhe agus a' déanamh a anam."
"A Mhuire Mhuire agus a Rí na nGrásta,
A Árd-Rí na bhFlaitheas, nach é m'anam atá cráidhte,
Na dubhraí dubh' a' tigheacht i mo láthair,
An ghrian a' dhul siar agus a' féar gan tsábháil.
Tabhair sgéal ag mo mhnaoi agus ag mo dhriotháireachaí eile clé,
Mura leigidh siad an tomhas (tús) ar a' tomhas gearr
Go mbéadh siad ghá íoc go crua san áithche -
(Sin gan a bheith a' tabhairt a' tomhas ceart uatha - peacadh an tomhais - níl rud ar bith is measa ná tomhas gearr.)
(Níl tada a' dul i dtoiseach ar an déarca).
[Neili Mheal [[!]] Uí Lócháin, Camdhoire, D.F. 8, 1936]