Volume: CBÉ 0441 (Part 5)

Date
1935–1937
Collector
Location
Browse
The Main Manuscript Collection, Volume 0441, Page 0304

Archival Reference

The Main Manuscript Collection, Volume 0441, Page 0304

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

On this page

  1. (continued from previous page)
    Ná tabhair ainm Dé gan fáth,
    Coinni' an tsaoire mar is cóir,
    Tabhair dho t'athair agus dho do mháthair onóir.
    Ná déan marbhadh, goid na drúis,
    Ná fiadnuise bréige i n-aon chúis,
    Ná sanntuigh bean nach leat fhéin,
    Clann duine eile ná a áirnéis."
    Teagasg Críosdaidhe, sa séipéal. Mhúnadh daoine tíre é.
    [Teach Phádhraic Uí Chonfhaola, An Chloch Mhór.]
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Seán MacÉil
    "Sean-duine, bhí an tEasbog MacÉil dhá sháinniú faoi Theagasg Críosdaidhe. Nuair a fuair sé deis cainnte, 'Is droch-mhúinte an stolcáinín é', adeir sé."
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  3. Iolrach
    "Tá sé i n-a sgéal gur sgiob iolrach páiste, uair, thuas i Magh Cuilinn, agus rug sé suas i mbárr a' chaisleáin é. Nuair chuaidh sé go dtí é, bhí leath-shúil bainte as. Fear dho mhuinntir Chadhain a bhí ann".
    [Teach Phádhraic Uí Chonfhaola, An Chloch Mhór]
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.