School: Gleann Caisil (roll number 13222)
- Location:
- Gleann Chaisil, Co. Mayo
- Teacher: Eoghan Ó Súilleabháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Gleann Caisil
- XML Page 368
- XML (no title)
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title) (continued)
“Bhí fear eile ar bhaile Dubhloch agus nuair a tháinic sé abhaile in éis a lá oibre bhí duine a fághail bháis sa teach.”
(continued from previous page)sé thíos sa ghainnimh séidthe é cois a chladaig. Nuair a fhill sé ar a teach bhí duine eile marbh roimhe. Thóg sé leis é agus chuir le h-ais a chéad fear é. Nuair a fhill sé ar a teach airís bhí duine eile marbh. Thóg sé leis airís agus chuir sé cois a' chladaig é chómh maith(no title)
“In aimsir a ghort loic gach rud agus ní raibh tadaí ag fás go na daoiní.”
In aimsir a ghort loic gach rud agus ní raibh tadaí ag fás go na daoiní. Thug na sagairt amach annsan go na h-altóir gan na daoiní aon cur a dhéanamh - nách bhfásfadh tadaí. Cuid go na daoiní chuir siad na bachlógaí [.i. stems] agus d'ith siad an fat {!}; daoiní eile bhain siad na súilí amach as na fataí agus chuir siad iad. Na daoiní a chuir na sgoilteáin b'éigin dóibh a dtógáil airíst agus a n-ith leis an ocras. Ach aoinne a rinne saghas cur a bith níl feidhim fiafruighe ar an barraí a bhí amuigh an bhliain dár gcionn. Bhí fataí ag gach duine a chuir bachlógaí nó súilí nó sgoilteán nó rud a bith.
Tháinic oibreachaí 'un a tír a bhliain dár gcionn, agus iad sin nár chuir aon fata bhí siad ábalta beagán a ceannacht ó na daoiní go raibh siad aca. Ó'n lá sin amach bhí(continues on next page)- Informant
- Liam Ó Raghallaigh
- Gender
- Male
- Address
- Dumha Locha, Co. Mayo