School: Gleann Caisil (roll number 13222)
- Location:
- Gleann Chaisil, Co. Mayo
- Teacher: Eoghan Ó Súilleabháin
![The Schools’ Collection, Volume 0129, Page 407](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0129%2FCBES_0129_407.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0129, Page 407
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Gleann Caisil
- XML Page 407
- XML “Scéal an Mhí-Áidh”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)a thug a' t-airgead do. Tháinic sí ar cuairt ag bean an fhir bhoicht a déanamh bróid faoí'n chaoí a raibh siad a tigheacht un cinn, agus, go mór mhór, go bhfaighid sí fáisnéis uaithi cé fhuair síad a t-airgead.
"Ó," arsa bean an fhir bhoicht léithe, "bhí an Mí-Ádh a siubhal lem' fhear-sa ariamh gur chuir sé i bpoll é thiar sa mbogach, agus thionntuig sé scraith anall sa mhullach air agus nuair a bhí sé tigheacht abhaile fuair sé pota óir."
"Bheul," arsa bean an fhir saidhbhir in a h-intinn {h}-éin - "Ní bheidh an Mí-Ádh i bhfad sa poll."
Fuair sí un a bhogaí 'gus thóig sí an scraith -
"Gaibh aníos anois," ar sise "agus lean airíst é."
Tháinic a Mí-Ádh aníos - "Agus" - ar seisean - Tá mise a siubhal leis a bhfear sin ariamh ó rugadh é agus beidh mé a siubhal leatsa anois go lá do bháis."
Chuaidh a bhean abhaile agus lá'r na bhárach tháinic sgéal isteach ó cheann go na maoírí go raibh an oiread seo gá cuid beithí marbh ar a bhfeilm. As sin amach ní raibh rath a bith uirthi féin ná ar a fear agus fuaidh a fear bocht un na táintí.- Informant
- Pádraic Ó Tuathail
- Gender
- Male
- Age
- 75
- Address
- Dumha Locha, Co. Mayo