Scoil: Sliabh Liag
- Suíomh:
- Mín na bhFiann, Co. Donegal
- Múinteoir: Caitlín Nic An tSaoir
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Sliabh Liag
- XML Leathanach 87
- XML “Scéal - Ór atá i bhFolach i nGleann Mhálainne”
- XML “Tomhas”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agus phill sé fein annsin lé na sgian fhághail acht ní thiocfadh leis an túrtóg na’n sgian fhághail agus ní rabh gár do chuartughadh ní bhfuair sé an túrtóg ariamh arais.
‘Nois márbhughadh dha fhear dé na Beirnigh a bhí ag iarraidh an phota fhághail agus nuair a bhéidheas an tríomhadh fear dé na Beirnigh a chuartughadh mairbhfear é, agus nuair a bhéas na triúr dé chlann Ua Beirn márbh a chuartughadh, gheobhthar an phota.
Tuairim deich mbliadhna ó shoin chruinnigh na fir a bhí na gcómhnuidhe neas dé’n ait agus thoisigh ag tochailt acht indiadh támaill d’fás siad tursach dé’n tochailt agus d’fág siad é. Tá’n Pota go fóill i dtaishe i gCaiseal an Óir. - Thainig fear coimhtigheach isteach i dteach agus fiafruigheadh do c'ainm a bhí air. Dúbhairt sé go rabh sé na shuidhe ar a ainm agus go rabh a shloinneadh fa na mhuineal. C'ainm a bhí air?
Freagra :- Cathaoir Ua Cába