School: An Árd Leathan (roll number 7680)
- Location:
- An Ailt Leathan, Co. Donegal
- Teacher: Pádraig Mac Ailin
![The Schools’ Collection, Volume 1094, Page 159](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_1094%2FCBES_1094_159.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 1094, Page 159
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)níos mó nó mó sgioball sa. Thug an rí annsin é gó cuibhreann coirce, agus d'fhiafruigh sé do Bhillí, an raibh cuibhreann ag a athair comh mór sin. Dubhairt Billí go raibh cuibhreann ag a athair in a raibh coirce na hÉireann uilig ag fás ann. Ghéarr mé fein é í [!] lá amhain, deirigh mé ar maidin agus thug mé mó choroinn liom agus bhí beag uactach agam ag toiseacht, bhí an cuibhreann comh mór sin. Chrom mé agus bhain mé sapóg, agus chrom mé arís
Deirigh gearrfhiadh ag bárr an cuibhreann, agus chuaidh barr an coroinn in a thóin. Tharraing sé an coroinn as mó laimh, agus ghlac an uile [?] an choirce. Thosuigh mise ag ceangal agus ag stucadh in a dhiaidh. Ní raibh coinglín in a sheasamh nuair athainic an oidhche nach raibh ceangailte agus stucaidh. Bhí mé tuirseach in dhiaidh an lae mór abhí deanta agam. Shuidh mé síos ag deanamh mó sgiste agus thuit mé mó chodhladh Nuair a mhusgail mé, ní raibh aon sopóg m'athara nach raibh goidhte
Bhíos agam cibé'n ait in a(continues on next page)- Collector
- Pádraig Mac Ailin
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir