Scoil: Sailearna (Buachaillí)
- Suíomh:
- Selerna School, Co. Galway
- Múinteoirí: M. Ó Catháin Bean Uí Chatháin T. Ó Séaghdha
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0061, Leathanach 0453](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0061%2FCBES_0061_0453.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0061, Leathanach 0453
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Sailearna (Buachaillí)
- XML Leathanach 0453
- XML “An Fear a Ghoid an Cochall ón Mhaighdean Mhara”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)sé ann fós? adeir an fear.
"Tá" adeir sí, "agus tóg é," agus annsin d'imthigh sí as a amharc ar an nóiméad. Chart sé an áit faoí bhun an dorais agus thóg sé an pota agus bhí clár air. Chaith sé an clár uaidh ar an urlár agus choinnigh sé an pota óir. Bí sé ghá chaitheamh sin annsin agus bhí saoghal maith aige féin agus ag a mnaoí air. Lá amháin píosa maith ina dhiaidh sin tháinig sgoláire bocht isteach aca. Chonnaic sé an clár seo agus é caithte go fánach ar an urlár. Thóg sé é agus bhí rud éigin sgríobhta air. Léigh sé é agus seó í an chaint a bhí ar an bpáipéar:- "Ní ádmhala an taobh sin do'n doras ná an taobh eile." Ach níor thuig an sgoláire brígh na cainnte sin a léigh sé ac bhí an fear ag éisteacht lé gach focal a léigh sé ar an leic. Chómh luath agus bhí an sgoláire imthíghthe d'eirigh an fear agus chart sé an taobh eile do'n doras agus fuair sé pota eile óir. Mhair sé fhéin agus a mhnaoí go saibhdhir as sin amach.- Bailitheoir
- Mícheál Ó Tuairisg
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 14
- Seoladh
- An Lochán Beag, Co. Galway
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Tuairisg
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 40
- Seoladh
- An Lochán Beag, Co. Galway