School: An Druim (roll number 13528)
- Location:
- An Droim, Co. Galway
- Teacher: Micheál Ó Concheanainn
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Druim
- XML Page 015
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Scéal.
Bhí triúr dreáthair fadó ann agus bhí triúr mná óga in-aice leo. Sé an t-ainm a bhí ar an mac is óige, Prince William. Bhí an mac is sine aca ingrádh leis an mbean ba shine, an dara bean ingrádh leis an dara dreáthair agus an ceann ba h-óige aca bhí sé ingrádh leis an gceann ba h-óige. Bhí an triúr mná óga ag siubhal dóibh fhéin lá amháin agus slugadh síos i bpoll iad. Thosuigh an triúr fir óga seo dhá dtóraidheacht agus bhí sé ag cinnt orra iad fhághail, agus dubhairt siad gur síos sa bpoll seo a slugadh iad. Fuair síad rópaí agus cheangail siad ar bhuicéad íad agus chuaidh an mac ba shine isteach sa mbuicéad. Scaoileadh síos an buicéad sa bpoll. Dubhairt siad dhá mbeadh faitchíos air crathadh as an rópa agus go dtabharfaidís aníos arís é. Ní raibh sé leath-bhealaigh nuair a bhuail faitchíos é. Chuaidh an dara fear annsin ann agus bhuail faitchíos é. Dubhairt Prince William go dtiocfadh sé féin ann agus go dtiocfadh sé go talamh. Dubhairt sé dá mbeadh sé beó fá cheann lá agus bliadhain an buicéad a scaoileadh síos arís agus dá mbeadh sé beo go dtiocfadh sé go dtí beáil an phuill. Ba mhara chéile an tír a bhí thíos agus an tír a bhí thuas. Casadh isteach i dteach thíos é agus ní(continues on next page)- Collector
- Micheál Ó Coighin
- Gender
- Male
- Address
- Baile na Cille, Co. Galway
- Informant
- Máirtín Ó Coighin
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Address
- Baile na Cille, Co. Galway