School: Ceanntrágha (Ventry)
- Location:
- Ceann Trá, Co. Kerry
- Teacher: Donncha Ó Cúrnáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Ceanntrágha (Ventry)
- XML Page 260
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title) (continued)
“Bhí rí 'na chómhnuidhe i gCaisleán Ráthchonáin na céadta bliadhain ó shoin agus bhí arm mhór aige.”
(continued from previous page)saighdiúr bocht agus ní raibh fhios aige cad a dhéanfad sé nó cá raghadh sé. D'imthig sé leis agus ana bhriseadh croidhe air agus nuair a tháinig se chómh fada le Mám-a-Násag [?] chuaidh sé isteach i seana thig chun loisdín na h-oidhche a dh'fhághailt ann. Ní raibh sa tig seo ach seana chailleach draoidheachta agus nuair a iarr sé lóisdín na h-oidhche uirthi dubhairt sí ná tabharfadh. Bhí sé ag gabháilt di ar feadh tamaill maith agus sa deire dubhairt sí leis go dtabharfadh ar aon choingeall amháin agus bé sin an gáirdín abhí ar aghaidh an tighe a bhaint lár 'na mháireach.
Nuair a dh'eirig sé ar maidin thosnuig sé ar an ngairdín abhí ar aghaidh an tighe a bhaint agus ní raibh sé críochnuighthe aige go dtí an oidhche. Ansan lorg sé lóisdín an oidhche sin ar an gcaillig ach ní thabharfadh an sean chailleach do é. Bhí sé ag tathant uirthi ar feadh a bhfad agus sa deire dubhairt sí go(continues on next page)- Informant
- Tomás Mac an t Saoir
- Gender
- Male
- Age
- 62
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- An Baile Beag, Co. Kerry