School: Ceanntrágha (Ventry)
- Location:
- Ceann Trá, Co. Kerry
- Teacher: Donncha Ó Cúrnáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí duine uasal mór tábhachtach ann fadó, is minic a bí, tá fós agus beidh go deó. Bhí beirt mhac aige agus ingean. Bhí dáiréag de mhná coinnliochta ag féireacht na h-ingine, gach uair a gheibheadh sí amach. Bhíodh sean draoi ag gan aon duine uasal an uair sin, go, mbíodh aon mhaitheas ann. Ghaibh sí amach ceann des na laetheannta agus a mná coinnliochta i n-aonfeacht leithi agus do chuadar an gháirdín. Chonnaic sí ubhall breágh ag fás ar an gcrann agus do phgrioc sí é agus do dhith sí é. Tháinig sí abhaile in - aonfeacht len 'a mná coinnlíochta airís. Má tháinig do bhí ann sean draoi roimpi agus dúbhairt sé "mo chailín uasal bhí súil na mná coinnlíochta ag gábhail amach agat agus tá súil na mná truime ag gábhail isteach agat". Do tháinig ana iongantas ar an ríg agus tháinig olc air.(continues on next page)
- Informant
- Máire Bean Nic Gearailt
- Gender
- Female
- Age
- 58
- Address
- Cathair Bó Sine, Co. Kerry