Scoil: Ceanntrágha (Ventry)

Suíomh:
Ceann Trá, Co. Kerry
Múinteoir:
Donncha Ó Cúrnáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0423, Leathanach 407

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0423, Leathanach 407

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Ceanntrágha (Ventry)
  2. XML Leathanach 407
  3. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal)

    Bhí fear bocht 'na chómhnuidhe i bparóiste Dúnchaoin tímcheall trí fichid bliadhain ó shoin.

    Bhí fear bocht 'na chómhnuidhe i bparóiste Dúnchaoin tímpeall trí fichid bliadhain ó shoin. Bhí capall breágh dubh aige ná raibh a leithéid le gághail in Éirinn. Uair amháin bhí duine éigint breóidhte 'na thigh agus cuaidh an fear go dtí an Daingean agus ceannuigh sé trí cínn de choiligh Márta. Ansan chuaidh sé isteach i siopa agus cheannuigh sé luach scillinge d'arán. Shocruigh sé na sicíní ar an gcapall agus chuir sé an t-arán fé na chasóig.
    Bhí sé ar an mbóthar abhaile tímcheall h-aondéag a chlog ist oidche agus nuair a tháinigh sé chomh fada le Abhainn an Gleanna do bhuail scata ban leis agus d'iarradar blúire aráin air. "Ara, léac oraibh, a sheana chailleacha" ar seisean masan? mór a theastuigheann sé ó bhúr ndreanndail, agus dimigh sé leis gan aon blúire aráin a thabhairt dóibh. Dimigh na seana chailleacha ansan gan focal eile a rádh.
    Bhí an fear ag imeacht leis agus an capall ar cosa anáirde
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Bríghid Bean Ní Dhubháin
    Inscne
    Baineann
    Aois
    49
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    An Baile Beag, Co. Kerry