School: Ceanntrágha (Ventry)
- Location:
- Ceann Trá, Co. Kerry
- Teacher: Donncha Ó Cúrnáin
![The Schools’ Collection, Volume 0423, Page 413](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0423%2FCBES_0423_413.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0423, Page 413
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Ceanntrágha (Ventry)
- XML Page 413
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title)
“Bhí baintreach ann fadó agus bhí aon inghean amháin aici.”
Bhí baintreach ann fadó agus bhí aon inghean amháin aici. Phós sí baintreach fir go raibh mac amháin aige agus ansan cómhnaigh an cearthrar acu idtreannta a chéile. Bhí an buachaill ana cheanamhail ar an gcailín agus bhí sé ar ínntin í a phósadh. Chualaidh an máthair mar gheall air agus níor dhein sí ach an buachaill a chur fé ghlas I dtigh mór árd agus bhí a h-aigne socruighthe aici ar é a mharbhú. Ansan dúbhairt sí lena fear go raibh an garsún ar a laéteanntha saoire. Oidhche dá raibh an athair na chodhladh, cheap sé go bhfaca sé a bhean ag gearradh scórnaighe a mhic le rasúr agus go raibh an garsún bocht ag glaodhach air féin chun cabhruighthe leis. Tháinigh saghas eagla ar an bhfear mar ní raibh aon iontaoibh aige ar a mhnaoi toisc í bheith chómh doicheallach roimh an garsún.
Nuair a bhí sé féin agus a bhean na gcodhladh an oidhche na dhiaid san, leigh an fear air go raibh sé na chodhladh agus chonnaic sé a bhean ag ealúghadh amach as an seómra agus rud éigint na láimh aici. Lean sé í agus chuaidh sé isteach sa tigh mór árd na diaidh. Nuair(continues on next page)- Informant
- Tomás Mac an t- Saoir
- Gender
- Male
- Age
- 64
- Address
- An Baile Beag, Co. Kerry