Scoil: Ceanntrágha (Ventry)

Suíomh:
Ceann Trá, Co. Kerry
Múinteoir:
Donncha Ó Cúrnáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0423, Leathanach 419

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0423, Leathanach 419

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Ceanntrágha (Ventry)
  2. XML Leathanach 419
  3. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal)

    Bhí bean in iarthar Ciarraidhe fadó agus ní raibh de chlann aici ach beirt cailín.

    Bhí bean an iarthar Ciarraidhe fadó agus ní raibh de chlann aici ach beirt cailín. Nuair a bhí na cailíní ana óg cailleadh a máthar agus ansan chuadar cun cómhnuighthe go tig a máthar críonna.
    Bhí an seana bhean so ana bhocht agus ní raibh de shlíghe bheatha aici ach an geata a bhí treasna an bhóthair ar an dtaobh amuigh do'n dtig a osgailt ar maidin agus a dhúnadh tráthnóna. Ní raibh ach leat choróinn sa t-reachthmain[?] aici ar an obair seo an shlíghe is go raibh sí ana bhocht ar fad.
    Gach lá théigeadh a lán daoine tríd an ngeata agus nuair a théigeadh mac an tigearna talmhan a bhí san áit ag riadhach gach lá gheibheadh isíd[?] an geata leis agus do tugadh sé cúpla scilling do'n t-seana mhnaoi go minic.
    Nuair a chómnuig na cailíní i dtig na seana mhná bhíodh an obair céudna le dhéanamh acu in áit an máthair críonna. Toisc í bheith crionna caithte.
    Bhí duine de'r na cailíní ana dhathamhail ar fad agus bhí meón deas leis
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Tomás Mac an t- Saoir
    Inscne
    Fireann
    Aois
    64
    Seoladh
    An Baile Beag, Co. Kerry