School: Ceanntrágha (Ventry)

Location:
Ceann Trá, Co. Kerry
Teacher:
Donncha Ó Cúrnáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0423, Page 474

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0423, Page 474

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Ceanntrágha (Ventry)
  2. XML Page 474
  3. XML “Sprid an Droichid”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    tháinig sé abhaile tráthnóna ní raibh an tobac roimis. "buel" ar sisean chaithfhidh mé féin imtheacht ag tríall air." Bhí an oidhche ag tuiteam agus é ag fágaint. Bhéigean do dul thar droichead Fíonn - Trágha chun dul go dtí an áit go raibh an tobach dá dhíol. Bíodh sprid dá feiscint anns an gach aon oidhche agus aon duine bhíodh ag gabáil an bhóthair do bhíodh sé marbh ag an sprid. Pé n-Éirinn é do bhuail sí leis seo, agus do bhí píp breágh tobac lán. Do shin sí an phíp chuige do thóg sé uaithe í agus nuair do bhí a dhóthain ólta auge do shín sé an phíp arís chúiche agus dúbhairt sé "beannacht Dé lé'd Anam agus le h-anaman na marbh go léir". "Seadh," arsan sprid "Táimse ag teacht anso le tamall mhaith agus ní dúbhairt aoinne na focail sin a dúbhaíríse agus dá bhríg sin gach aon duine a thagadh chúghah do bhíodh sé le fhághail marbh ann ar maidin in dhíaidh. "Téir-se abhaile anois, ar sise agus tair arís ar dtaca so amáireach agus tabhar leat rann beag". D'imthig an fear abhaile agus d'innis sé dó mhnaoí gach rud do thuit amach, agus go ndúbhairt sí leis rann do tabhairt leis. Nuair do chualaidh a bean é sin do chrom sí ar ghol mar cheap sí gurbh amhlaidh do bhí an spird chunn a fear do chur leis an rainn. Tráthnóna lá ar na mháireach nuair do bhí an fear chun dul go dtí an sprid arís do bhí na leabhnaí go léir agus gach a raibh sa tig ag gol mar do cheapadar na tiocfhad sé abhaile go deó arís. D'imthig an fear agus do
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Seósaimh De Hóra
    Gender
    Male
    Informant
    Tomas Sheósaimh De Hóra
    Relation
    Grandparent
    Gender
    Male