School: Ceanntrágha (Ventry)
- Location:
- Ceann Trá, Co. Kerry
- Teacher: Donncha Ó Cúrnáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Ceanntrágha (Ventry)
- XML Page 481
- XML “Na Trí Ceisteanna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)tímcheall ar an ngáirdín, agus sparí móra iarrainn saidhthe ins na fallaí sin cun cinn na ndaoine do chrochadh ortha. Thárla gur thoigh an rí an t-árd easbog an bhlíain seo. Bhí an t-Easbog ana bhrónach agus ana chráidhte. Bhí leath amadán de dheitheáir ag an Easbog, agus dúbhairt sé leis an Easbog, go gcuirfheadh sé air culaith an Easbuig agus go raghadh sé go dtí an rí na ionad féin, mar nár bfiú trácht ar féin seachas an t-easbog. Thánaigh an lá agus do chuir sé an culaith air. Siúd leis go dtí an rí agus é ag feadaóil do féin, go mbhuail sé isteach go cúirt an rí. Do thánaigh an dóirseór amach. Dfiafhruidh sé dho cad a bhí uaidh. Dúbhairt sé leis go dteasteóchadh uaidh an rí a fheisgint. Do ghlaoidh an dóirseór ar an rí agus dúbhairt leis go raibh Easbog ag feitheamh leis. Dúbhairt an Rí leis é sgaoíleadh isteach agus é ag amilt a bhas le h'áthas. Do bhuail an leath-amadán isteach go dtí an rí. Cad é an cimilt bas agus an t'áthas seo athá ort ur sé leis an rí, ach shaoul chúgham na ceisteanna. Ní beag duit a luaithe arsa an rí. Ó áesa an leath amádán dá luaithe dá feárrde. Cesit agam ort arsa an rí. Cad is dóigh liomsa? Is dóigh leat gurbh é an t-árd Easbog atá agat ach ní hé ach an leathamadán dá dhritheáir.
Sin é mo sgeul agus má tá bréug ann bíodh.- Collector
- Seamas De Hóra
- Gender
- Male
- Address
- Baile an tSléibhe, Co. Kerry
- Informant
- Tom Seosamh De Hóra
- Relation
- Grandparent
- Gender
- Male
- Address
- Ballymoe, Co. Galway