School: Ceanntrágha (Ventry)

Location:
Ceann Trá, Co. Kerry
Teacher:
Donncha Ó Cúrnáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0423, Page 499

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0423, Page 499

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Ceanntrágha (Ventry)
  2. XML Page 499
  3. XML “An Feirmeoir agus an Cailín Aimsire”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    D'ullmhaig sé é féin agus líon sé a mhála do "chupaí briste" agus do phreab air a chapall agus d'imthig sé leis. Nuair do bhí a ghnó déanta i d-Tráighlí chuir sé chuin bhóthair abhaile agus nuair do bhí sé cúpla míle don mbhóthar, bhuaileadar leis. Rugadar ar an gcapall agus dúbhradar leis an méid airgid is do bhí aige do thabhairt dóibh nó go mharbhóchaidís é.
    Fanaidh amach uaim go fóill ar sé agus tabhairfhaid mé dhíbh cuid den airgead. Níor dhein sé an rud ach an sparán des na "cupaí briste" do chaitheamh lé fánaig síos, agus d'imthig an ceathrar i ndiaidh an sparáin feachaint ciaca acu go mbheadh sí aca. Do bhí capall breágh acu so agus nuair chonnaic an buachaill aimsire go rabhadar imtighthe phreab sé ináirde ar an gcapall agus seo leis abhaile go dtí an maighistir.
    Nuair do thánághadar ar barra ní raibh a gcapall lé fághailt, Á ta san deanta ar siad lé chéile. Tá a fhios agam cad do dheanfhad arsa duine aca, imtheóchad ar fuaid na h-Eireann daindeóin an garsún sin dá mbheadh sé beirtighthe i gcorcán praisig. Leigfhead orm go mbheid mé bocach. Rinne sé amhlaid, lá dos na laethannta bhuail an bacach chúcha isteach; an mailín shiar air agus maide na láimh aige. Thugadar deirc do. Stróinséir iseadh mise annso
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Mícheál Ó h-Ualacháin
    Address
    Cill Mhic an Domhnaigh, Co. Kerry
    Informant
    Siobhán
    Relation
    Grandparent
    Gender
    Female
    Age
    75