School: Ceanntrágha (Ventry)
- Location:
- Ceann Trá, Co. Kerry
- Teacher: Donncha Ó Cúrnáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Ceanntrágha (Ventry)
- XML Page 515
- XML “Scéal - Fathach na dTrí gCeann is na dTrí mBeann is na dTrí Muinéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí garsún ann fadó agus aon lá amháin dubhairt sé lé na mháthair go gcaithfeadh sé imeacht agus pinghin éigin airgidh a thuilleamh do féin. D'imthig sé leis agus bhí sé ag imtheacht riamh agus choidhche go mbhuail fear leis. D'fhiafhruig an fear do cá raibh sé ag dul agus dubhairt sé go raibh sé ag dul ag lorg oibhre. "Is maith mar a tharla máighistir ag lorg buachalla agus buachaill ag lorg máighistir" arsan fear. Ansan thug sé leis go dtí na thig féin é agus thug sé rud lé n-ithe agus lé n-ól do agus cuireadh a chodhla i leabaidh tuíghe sa chúimhne é. Do chodail an buachaill go sámh an oidhche sin mar bhí sé tuirseach ó bheith ag suibhal i rith an lae.
An maidin láir na mháireach chaith an buachaill eiríghe go moch ar maidin agus mórán oibre a dhéanamh. Tar éis na ba a bheith crúidhthe aige do-scaóileadh amach iad agus dúbhairt an máigistir leis an ngharsún aire mhaith a thabhairt dóibh mar go raibh talamh ar an fhataig taobh lé na thalamh féin agus ar a chluais dheis gan(continues on next page)- Collector
- Miceal O Bodiain
- Gender
- Male
- Informant
- Labras O Murcadha
- Gender
- Male
- Age
- 76
- Address
- Fán, Co. Kerry