School: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
- Location:
- Daingean Uí Chúis, Co. Kerry
- Teacher: An tSr. Máire
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)amach ar an bhfaithche agus leigint do'n gcorcán a bheith ag fiuchadh leis gan aon teine fé. Nuair a tháinigh an ministir isteach tháinigh an-iongnadh air nuair a chonnaic sé an corcán ag fiuchadh agus gan aon teine fé. D'iarr sé an corcán le ceannach ar fhear a' tighe, acht dubhairt sé-sin leis gur dhoigh leis ná sgarfadh bean a' tighe leis-sin go deo mar go mbeirigheadh sé na prátaí di gan aon teine. D'iarr an ministir annsan ar bhean -a' -tighe é agus dubhairt sé léithe go dtiubhradh sé aon rud ba mhaith léi air.
"Táim sásta", arsa bean a' tighe , "tabhair duinn dá bhó bhainne".
D'imthigh an ministir abhaile agus an-fhuadar fé ag dul ag triall ar na ba, agus b'fhada leis go raibh se ag baile chun an sgéal d'innsinn d'á bhean. Nuair a shrois sé an tigh dubhairt sé le-n-a mhnaoi dul ina theannta chun go bhfeicfeadh sí an corcán breágh. D'imthigh an bheirt leo agus dá bhó bhainne acu.
Nuair a fuair an lánamha an ministir imthighthe chuireadar an teine airíst fé'n gcorcán i dtreo go raibh sé nach mór beirbhighthe nuair a thangadar. Nuair a chuaidh bean an mhinistir isteach chuir si a súil an-mhor sa chorcán nuair a chonnaic si na prátaí nach mór beirbhighthe agus gan aon teine fútha, agus dubhairt sí le bean-a'-tighe go raibh sí an-mhor léi i dtaobh a bheith chómh maith di agus an corcán breágh sin a thabhairt di.(continues on next page)- Informant
- Bean Uí Mhurchadha
- Gender
- Female
- Occupation
- Oibrí tí
- Address
- An Baile Loiscthe, Co. Kerry