School: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
- Location:
- Daingean Uí Chúis, Co. Kerry
- Teacher: An tSr. Máire
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Nuair a chuadar abhaile chuireadar corcán prátaí ar crochadh ós cionn na teine, agus annsan chaith si uisge ar an dteine chun í do mhúcadh acht dá bhfanadh na prátaí ann go deo ní bheireochadh siad, agus nuair a chonnaic bean an mhinistir é sin thosnuigh an bheirt acu ag bruighean go dtí go rabhadar leath-mharbh ag-a-chéile.
Lá eile bhí an ministir ag dul go dtí tig na lánamhan agus tharla go bhfeacadar ag teacht é, agus dubhradar le-n-a chéile go dtosnóchaidís ag bruighean nuair a thiocfadh an ministir isteach. Chuir bean a' tighe mála fola isteach ina h-aprún. Nuair a tháinigh an ministir isteach bhí an fear agus a bhean ag bruighean, agus ba ghearr go bhfeaca sé an fhuil ag teacht.
"Dá ndéanthá-sa é sin le d' mhnaoi" arsa fear a' tighe leis an ministir , "dhéanfadh sé an-mhaitheas di".
D'imthigh an ministir abhaile agus thosnuigh sé féin agus a bhean ag bruighean airíst agus ba ghearr gur marbhuigheadh an bhean, agus crochadh an ministir i dtaobh í mharbhughadh.- Informant
- Bean Uí Mhurchadha
- Gender
- Female
- Occupation
- Oibrí tí
- Address
- An Baile Loiscthe, Co. Kerry