School: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
- Location:
- Daingean Uí Chúis, Co. Kerry
- Teacher: An tSr. Máire
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Siúd leis annsan, agus ghaibh roimpi amach agus imtheacht scópúil an duine uasail fé, agus ar dul tharaiste dhó, thóg sé ciarsúir sioda as a phóca agus leig dó tuitim sa tsráid uaidh, agus do lean dá shiubhal. Nuair do chonnaic sí sin an ciarsúir bhrostuigh sí ina dhiaidh, agus
"A dhuine uasail" ar sise go mánla, "chaillis do chiarsuir".
D'umhluigh sé go talamh di.
"A bhean uasal, níor chailleas " ar sé, "acht is amhlaidh a chaitheas uaim é. Ní dheinim úsáid de chiarsúirí an tarna h-uair, agus caithim uaim annsan iad. Acht táim buidheach ar fad díot, a bhean uasal" agus d'umhluigh airíst di.
"Ní fuláir nó gur duine éigin thar barr é" ar sise ina h-aigne féin agus d'fhiafruigh sí de cé'r díobh é. Dubhairt seisean gurbh' é mac Tighearna Cnuic Bhreanainn é agus Iarla Corca Dhuibhne. Chuir sé gotha chomh scópúil uasal air féin, cad deirir ná gur thug sí géilleadh do ghach rud a dubhairt mo bhioránach léi, agus thuit sí i sior agus i searc ghrádh leis ar fheabhas a phearsan is a mhéinn. D'innis sí dhó gurbh' í féin inghean Diúic Laighean, agus thug sí cuireadh dinnéir dó i gcóir an lae amáirig. D'umhluigh sé di fé mar a dhéanfadh mac Riogh na Spáinne é, agus do ghaibh a bhuidheachas mór léi agus do gheall go dtiocfadh.
Lá' r na mháireach niorbh' é a dhearmad gan tig an diúic do bhaint amach. Bhí seirbhisigh fe pheiribhigh is fé phúdar ann chun an doras d'oscailt roimis, agus tháinigh an óig-bhean féin amach san halla chun fáiltiu roimh mac Tighearna Cnuic(continues on next page)- Informant
- Bean Uí Mhurchadha
- Gender
- Female
- Occupation
- Oibrí tí
- Address
- An Baile Loiscthe, Co. Kerry