School: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
- Location:
- Daingean Uí Chúis, Co. Kerry
- Teacher: An tSr. Máire
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Bhreanainn. Do bheir sí chun a h-athar é agus chuir sí in aithne dhó é. Dubhairt an Diúic gur mór an gradam dó aithne do chur ar dhuine uasal chómh pearsantúil le Mac Tighearna Cnuic Bhreanainn.
Seadh ! bhí san go maith agus ní raibh go h-olc. Bhí sé féin is an bhean uasal óg ag éirighe an-mhór le n-a chéile, agus ó fuair sé ar an aigne sin í niorbh' é siúd a scaoil an seans ar iarraidh, agus d'iarr sé uirthe é phósadh. Do gheall sí go bpósfadh dá mbeadh a h-athair sásta. Do chuadar agus d'innseadar an scéal do'n athair. Dubhairt sé sin nár mhór dó féin fios agus eolas d'fhagháil i dtaobh tighearnais Tighearna Cnuic Bhréanainn, agus go gcuirfeadh sé teachtaire ó dheas go Corca Dhuibhne chun tuairisc do bhreith thar n-ais chuige ar uaisleacht mhuintir' an fhir óiga bhí ag iarraidh bheith ina chliamhain aige. Sarar imthigh an teachtaire ámhthach do chuir an inghean fios air, agus d'fhógair sí air, ar a chluais, gan aon scéal do bhreith abhaile leis acht gach scéal a b'fhearr ná a chéile, agus dá mbeadh sé de mhí-ádh air tuairisc nár bhfóghanta do bheith ag teacht aige nár bhfearrde é fein é an dá lá déag agus an fhaid a mhairfeadh sé.
Do mheabhruigh an teachtaire a cheacht go maith agus do ghléas sé leis agus nior stad sé nó gur bhain sé an Daingean amach. Do bhí sé ar fuaid an bhaile annsan ag cur tuairisce Tighearna Cnuic Bhreanainn. Nior chuala aoinne ar an mbaile sin trácht thairis siud mar Tighearna riamh biodh gur mór an caidreamh agus an bhaint a bhí acu le Tighearnaí agus le h-uaisle d'á sórt. D'imthigh an teachtaire leis siar gur bhain sé Cnoc Bhréanainn amach.(continues on next page)- Informant
- Bean Uí Mhurchadha
- Gender
- Female
- Occupation
- Oibrí tí
- Address
- An Baile Loiscthe, Co. Kerry