School: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
- Location:
- Daingean Uí Chúis, Co. Kerry
- Teacher: An tSr. Máire
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Fuair sé an bothán go h-árd ar thaobh an chnuic agus an fhairrge mhór ina fé-n-a bhun síos agus loingeas an domhain mhóir ag trácht soir agus siar ann. Do chuir an bheirt aosta fáilte roimis an stróinséar agus chuireadar chun suidhte ar suidhistín tuighe cois na teine é. Do roinneadar leis an biadh a b'fhearr a bhí sa tig acu-- bainne gabhair agus min coirce. Toisc ná raibh aon bhórd acu sa tig is ar a ghluine a thugadar an béile bídh dó, agus nuair a bhí an chuid caithte aige thugadar sop fionnáin dó chun a lámha do ghlanadh agus nuair a bhí an biadh ithte do ghlan an tsean-bhean an t-úrlár le scuaib fraoigh, agus do nigh an sean-duine na h-áraistí sa tsruthánuisge a bhí i mbeul an dorais. Nuair a tháinigh ao oidhche agus aimsir chodlata thug an sean-duine beart breágh luachra leis agus do leath se sa chúinne é, agus is air sin a chodail an teachtaire go maidin.
Ar maidin go luath do dúisigheadh an duine uasal as a shuan leis an gcliseam a b'aite dá gcualaidh sé riamh ó rugadh é. Nuair a chuir sé a cheann 'on doras is amhlaidh a bhí na seataí gabhar ina seasamh ar an bport ar aghaidh an tighe, agus dá adhairc ar ghach aon cheann riamh acu, agus iad ag meigeallaidh ag feitheamh le h-iad do chrúdh.
Nuair a bhí cuid na maidne caithte ag an dteachtaire sheol leis thar n-ais go Baile Átha Cliath. Ní túisce tagaithe é ná é imthighthe go láthair an diúic agus a ingne; agus do bhí an t-ógánach leis ann agus omós mór á fhagháil ó'n rí aige. Nuair a chonnaic an óg-bhean ag teacht é chuaidh sí laistiar de'n rí,(continues on next page)- Informant
- Bean Uí Mhurchadha
- Gender
- Female
- Occupation
- Oibrí tí
- Address
- An Baile Loiscthe, Co. Kerry