School: Clochar na Toirbhirte, An Daingean

Location:
Daingean Uí Chúis, Co. Kerry
Teacher:
An tSr. Máire
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0425, Page 157

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0425, Page 157

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
  2. XML Page 157
  3. XML “Paidir roimh Dhul a Chodladh do Dhuine”
  4. XML “Paidir an Tromluí”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Mhuire mháthair, mo dhian-ghrádh tú,
    Is ár gcabhair conganta in am ár ngábhtair.
    Mo cheirín leighis tinn nó sláinte,
    Is cumraighe m'anam ort insa bhFlaithis anáirde.
    Gabhaim féd' thimpeall a Mhichíl Naomhtha,
    Is ar an Mhaigdin a bhí ag adhlacadh a h-Aon- Mhac,
    Ar naoimh, ar aingil, ar asbail cléirigh,
    Is ar a n-athair atá sa bhFlaitheas dá n-éisteacht.
    Nó ar na lobhair a bhí bodhar gan éisteacht,
    Nó ar na daill ná feicfeadh aon rud,
    Nó ar an mnaoi do chuimil Díot an t-éadach,
    Go bhfuair sí na grásta agus an tsláinte in aonfhacht.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Bhí bean bhocht amuich i Loch agus ní fhéadfadh sí néal do chodladh aon oidhche mar thagadh an trom-luighe uirthe. Sa deire tháinigh bean ó Baile Mór agus mhúin sí an paidir di. Dubhairt sí é an chéad oidhche eile agus thuit codladh sámh uirthe. Ní bréag é.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. prayers (~3,266)
    Language
    Irish
    Informant
    Máire Uí Cheárnaigh
    Gender
    Female
    Age
    68
    Occupation
    Oibrí tí
    Address
    Daingean Uí Chúis, Co. Kerry