School: An Áird (Ardfield), Clanna Caoilte (roll number 12147)
- Location:
- Ardfield, Co. Cork
- Teacher: Pádraig Ó Donnabháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title)
“Bhí buachaill ar a'mbaile seo nach raibh fonn oibre air go ró-mhór.”
Bhí buachaill ar a'mbaile seo nach raibh fonn oibre air go ró-mhór. Ag obair le feirmeoir a bhí sé agus chaitheadh sé leath a'lae i dtightibh eile go mór mór i dtig Choncubhair Uí Fhinn mar b'ann a bhí a stór. I ndeire thiar thall thug sé scar d'obair na feirme agus do chuir sé dhe go Sasana. Bhí a stóirín uaigneach go maith dá eaghmuis agus t'réis tamaill d'imigh sí ar a'mbóthar cheadna.
'San amhrán thíos labharann bean a'tighe go raibh Paid a'captaen ag obair léi, annsan labhrann inghean Ní Fhinn, 'na dhiadh sin labhrann an Fhinneach féin agus sa bhearsa deiridh labhrann an cáilín Sighle Ní Fhinn airís:
I
Tá buachaill ar a'mbaile seo gur mór aige é féinigh
Imígheann sé uainn i n-eadartha 'gus ní thagann go dtí a naoi chughainn
Gabhann sé chun na leachan agus ann a chaitheann tréimhse
As san go tig Chonchubhair Uí Fhinn agus caitheann togha súipéir ann
Longaí ón bhfairrige agus pinceanna breágha craoruigh
Ceathcú gharraidhe léasaithe 'gainn i mbéal na h-ath cré maithII
Im' luighe ar mo leabaidh dom an aisling dom go ndéantar
Go mbíonn sé in-a sheasamh, ag a'gcnaiste fé n-a bhéabhar
Seicéad "pilot" greannta air, is bríste fada caol air(continues on next page)- Informant
- Donnchadh Ó Fínn
- Gender
- Male
- Age
- c. 50
- Address
- Dunowen, Co. Cork