School: An Áird (Ardfield), Clanna Caoilte (roll number 12147)
- Location:
- Ardfield, Co. Cork
- Teacher: Pádraig Ó Donnabháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Fear dob'ea Seán Ó Donnabháin, nó Seáináín Tabac mar a tugtaí air, go raibh cómhnuidhe age i nDún Eóghain trí fhichid Blian ó shoin. Níor chuaidh sé ar scoil riamh ach bhí ruthar cainnte aige agus bhí beagán d'fhéith na filídheachta ann leis. Is i nDún Eogháin do chaith sé a shaoghal ach amháin tamaillín gur chaith sé i Meirice.
Fear a bhí a'suirghe le drifúir Shéanín agus go rabid fuath aige dó. Tráth gur casadh air é i Meirice do chúm sé na bhéarsaí sa á cháineadh:Is mé 'ghabháil trí Harrison Avenue ag éileamh mo dhaoine mhuinteardha
'Seadh chasadh orm a'spreallaire seo, agus ceann d'á shúilibh ciardubh.
Do labhair sé go tapaidh liom, "Airiú conas tá do mhuintear?
Tá náire teannta is feasda orm ó nach fada 'nár ghabhas tímcheall."
Do fhreagair mé mo phreabaire "Ó ní fhacha tú leim chuimhneamh,
Is go deimhin dá mbeadh 'back' agam do leagfainn síos le bhríc thú."
Bhí chota mór go talamh air is carabhaitín tímcheall,
Is 'sé mo thuairim ná raibh "tack" aige ach seana-chloigeann phíopa.
Bhí féasóigín dubh ar sileadh leis ná'ra ghearradh leis na bliadhanta,
Chómh mór measamhail le "general" beag do bheadh ós cionn na gceadta.(continues on next page)- Informant
- Donnchadh Ó Fínn
- Gender
- Male
- Age
- c. 50
- Address
- Dunowen, Co. Cork