School: An Áird (Ardfield), Clanna Caoilte (roll number 12147)
- Location:
- Ardfield, Co. Cork
- Teacher: Pádraig Ó Donnabháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- 1.
Cois leasa dhom go h-uaigneach, ar uain na maidhne m'aonar
Le h-ais na tuinne ar bhruachchnuic ba chruaidh glaise is scáil
'Seadh dhearcas ainnir uasal ba shuanmhar ba shéanmhar
Ba réiltheannach péarlach is í a'téarnamh im'dháil.
2
Bhí a dlaoithe daice casta siar go cíortha crathach fada fial
Go sníomtha snoimhte teacht le céile 'na slaod léi go feóir
Bní scéimh-dhearc is ré ghlas ar ah-éadan gan snas gan teimheal
Agus í a'géar-chaitheamh Gaedhilge fa'n cléithe na dtreóin.
3.
Ba gheanamhail deas í fheuchaint, gan éisling innte ach óige
A mala ghearrtha claon tanaidhe ba néata thuit i gcló
Bí leachain ubhall aérach chómh craorach leis na rósaí
Agus a bheól tanaidhe beó-bhlasta beórach gan cáim.
4
Do mhíll mé ar fad le dearc a cléibh do bhíodhgas mear mar
Chun go ndeaghas ar fad thar lear i gcéin 'gus do gheileas d'á cló dheis
Chun gur shíleas gur sidh-bnean í, do shíolruigh tar lear i gcéin
Nó an brídeach ó'n mín-chraobhach, is í a'téarnamh im' dheóigh(continues on next page)- Informant
- Donnchadh Ó Fínn
- Gender
- Male
- Age
- c. 50
- Address
- Dunowen, Co. Cork