School: An Áird (Ardfield), Clanna Caoilte (roll number 12147)

Location:
Ardfield, Co. Cork
Teacher:
Pádraig Ó Donnabháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0316, Page 201

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0316, Page 201

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Áird (Ardfield), Clanna Caoilte
  2. XML Page 201
  3. XML “An Rum Raice”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. An Rum Raice
    Aimsear Cogaidh Cruinne, do cailleadh long timpeall na h-áite seo agus í lán le ruma bhí ceapaithe ar dhul goh-armáil Shasana. Do bhriseadh suas í ar na carraigreacha mar bhí an ghaoth an-tréan, a; séideadh anoir andeas agus d'imthig na puinsiúin mhóra ar barra na taoide.
    Do tógadh thall is ibhfus a lán acu agus do shabháil na daoine iadchun deoch a bheith acu.
    Tá's agam ao'bhall amháin go raibh barraile agus d'ól fear amháin an iomad de agus do cailleadh é, b'é sin i nDún Uí Chabhthaigh.
    Go deimhin béidir gur shábháil an marbh san leath-chéad daoine.
    Do bhí ao' chuas amháin, Cuas a' Chorláin, agus is dócha go raibh fiche bairile briste ann le fórsa an rum agus d'iontuigh sé an fairrge chomh dearg le fuil.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. time
      1. historical periods by name (~25)
        1. the great famine (~4,013)
    2. products
      1. food products (~3,601)
    Language
    Irish
    Informant
    Donnchadh Ó Donnabháin
    Gender
    Male
    Age
    c. 70
    Address
    Ballyluck, Co. Cork