School: An Áird (Ardfield), Clanna Caoilte (roll number 12147)
- Location:
- Ardfield, Co. Cork
- Teacher: Pádraig Ó Donnabháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Áird (Ardfield), Clanna Caoilte
- XML Page 213
- XML “Cnocán an Chrochaire”
- XML “Fear Ólta Tobach ar an gCarraig”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tá cnocán ar a' mbaile seo go dtugtar Cnocán a' Crocaire air. Is amhlaidh do bhí fear á fhiadhach ag na "yeomen" aimsir nóchad ocht agus do rugadh air tímcheall na h-áite seo agus do crochadh ar crann é ar thaobh a'bhóthair. Riamh ó shoin 'nuair a bítear a'siúbhal thar an áit sin deineann an coiscéim fothrom mór ar feadh atrí nó a cheithre de shlataibh. Dá mbeifeá a'siúbhal ann oidhche brheágh chúin d'aireóchfaí mach-alla na' choiscéime ceathrú míle ón áit sin.
- Bíodh criú a'dul ag iascach ón áit seo ga'h-aon oidhche fadó ó shoin. Bhí duine ortha agus bhí sé an-chiochrach chun tabach. Bhí sé bocht agus is annamh riamh do bhíodh a dhóithin aige agus do bhíodh sé an-táthaireacht ar a'gcuid eile de'n criú go lán minic.
Ins an am san do bhíodh fear 'na shuidhe ar charraig ar thaobh a chuais ar fead i bhfad bliain agus(continues on next page)- Informant
- Donnchadh Ó Fínn
- Gender
- Male
- Age
- c. 50
- Address
- Dunowen, Co. Cork