School: An Áird (Ardfield), Clanna Caoilte (roll number 12147)
- Location:
- Ardfield, Co. Cork
- Teacher: Pádraig Ó Donnabháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Áird (Ardfield), Clanna Caoilte
- XML Page 220
- XML “An Fear a D'imigh leis na Daoine Maithe”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)i n-aice leis. "A bhfeicir a' fear san?" ar seisean leis a' gcómharsan. "Tá sé san slaneamhail indiu agus beidh sé fé'n gcré i gcionn seachtaine" B'fhíor do, bhí an fear curtha mar adubhairt sé i gcionn na seachtaine. D'fhiafruigh duine éigin de tráth cad 'na thaobh ná thabharfadh sé suas an ceard san, 'sé sin a bheith a'gabhail leis na daoine maithe agus d'fhreagair sé nárbh fhéisir dho é go fóill, go glaoidfí a gheasa oidhche áirithe. 'Nuair a tháinig an oidhche sin dubhairt sé muintir a'bhaile go bhfuighidís i mball áirithe é ar an maidin amáirach agus go mbeadh se scartha le na daoine maithe beó nó marbh. B'fhíor dó. Fuaireadar ar maidin é agus é droch-usáidthe go maith t'réis na h-oidhche. Dubhairt sé gur driotháir do, a bhí t'réis bás d'fhagháil i Meirice, do shábháil é. Ní raibh bainnt aige leó 'na dhiadh sin.
Tráth go raibh sé a'cainnt le cómharsan dubhairt sé nách ghádh d'aoinne eagle a bheith air roimh na daoine maithe go deó ach slighe a fhágaint idir a dheis-láimh agus a' claoidhe ag siúbhal do.- Informant
- Donnchadh Ó Fínn
- Gender
- Male
- Age
- c. 50
- Address
- Dunowen, Co. Cork