School: An Áird (Ardfield), Clanna Caoilte (roll number 12147)
- Location:
- Ardfield, Co. Cork
- Teacher: Pádraig Ó Donnabháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí spiorad ar fuaid na h-áite seo tuairim céad bliain ó shoin go dtugfaí Spiorad a' Chamuis uirthi. Deirtear gur duine de mhuintir Laoighre í do mhairbh bheirt pháiste ar pháigh nuair do bhí sí ar a' saoghal so. Tugtaí Máire Gaodhlach uirthi leis. Do dhein sí fadhbach mór an fhaid is a bhí sí sa t-siubhal. Tá sé ráidhte gur mharbh sí aon duine amháin agus gur thug sí fé go leór do marbhú. Ní raibh sí ar a chumas dul thar fhíor-uisge riamh 'nuair a bhíodh sí a' leanamhaint duine agus is dóchca mara mbeadh san go mbeadh tuille fadhbaig deanta aice. Deirtear go mbíodh sí 'na coin uaireannta 'na suidhe ar na clathachaibh agus í 'faire amach ar díoghbháil éigin a dhéunamh. Bhí gárda chosta oidhche a dul a d'iarraidh banarla d'á mnaoi ag marcuíocht. Bhí sé siar go maith san oidhche agus tháinig Máire Gaodhlach crosta air. Do bhain sí triall as é a' tarrach ó'n gcapall ach bhí rásúr aige agus do dhein sé é féin do chosaint uirthi. Do lean sí air ar feadh tamaill mhaith agus dob' éigin dó geallamhaint di go dtiocfadh sé a' triall uirthe airís istoidhche amáireach mar go raibh turas(continues on next page)
- Informant
- Donnchadh Ó Fínn
- Gender
- Male
- Age
- c. 50
- Address
- Dunowen, Co. Cork