School: Clochar na Trócaire, Ceann tSáile (roll number 4572)
- Location:
- Kinsale, Co. Cork
- Teacher: An tSr. De Pazzi
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Fadó bhí bóthar ag dul go Muileann na mBrúnach. Timcheall míle go leith ó Cionn t-Sáile atá an muileann sin. Ar thaobh an bhóthair sin, tá tobar ar a dtugtar Tobar na Lobhar. Is cinnte ó'n aimn sin go raibh lobhar ann uair éigin. Deirtear gur leigheasadh triúr lobhar ag an tobar toisc gur óladar uisce as. Bhí osbuidéal in aice an tobair bliadhanta ó shóin, ach ní'l ann ach sean fhothrach anois. Nuair a buaileadh Cath Cionn t-Sáile do cuireadh na saighduirí gonta go dti an osbuidéal sin chun aire do thabhairt dóibh.
Timcheall an tobair tá carraig mhór árd agus deirtear gur minic a léig sagart Aifreann ar an gcarraig sin. Nuair a cuireadh an ruaig ar na Carmaca i gCionn t-Sáile is i mbothán in aice an tobair sin a bhi comhnuidhe ortha ar feadh tamaill go dtí gur dibireadh as an áit seo arís iad(continues on next page)- Collector
- Máire Ní Choileáin
- Gender
- Female
- Address
- Camphill, Co. Cork