School: Clochar na Trócaire, Ceann tSáile (roll number 4572)
- Location:
- Kinsale, Co. Cork
- Teacher: An tSr. De Pazzi
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Clochar na Trócaire, Ceann tSáile
- XML Page 033
- XML “Cuairt Phádraig Naofa ar Chionn tSáile”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)i bpoinnte éigin fán an gcósta b'fheidir i nDún Cearma agus ualach cú Eireannach ar bórd cun a dtabhairt thar an bhfairrge cun na Frainnce le díol ann.Ach lá stoireamhail a bhí ann. Bhí an cuan suaidhte leis an ngaoith láidir a bhí ag séidheadh. Níorbh áil leis an mbádóir an bád do chur amach ina leithéidh de lá. Ba chontabhairtheach an rud é dar leis. Nuair a thuig an Naomh an cruaidh cás na raibh sé níor dhein sé ach a lámh d'ardughadh agus a bheannacht do chur ar an tonntacha móra. Chiúnigh an ghaoth láithreach bonn baill, agus tháinig calm mór. Ba ghairid dóibh 'na dhiaidh sin an taobh eile do bhaint amac.Deirtear nár bhádhadh aoine san áit sin ó shoin i leith cé gurb minic sa lá a bhíonn triall ag an mbád mbeag anonn's anall agus é lán go béal.Cuimhnuightear fós ar an míorbhailt úd a dhein Naomh Pádruig agus pé garbh-dainnsearach an chuan téightear treasna gan sgath gan eagla.
- Collector
- Eilís Ní Shúirdáin
- Gender
- Female