School: Sliabh Riabhach
- Location:
- An Sliabh Riabhach, Co. Cork
- Teacher: Éamonn Mac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Sliabh Riabhach
- XML Page 039
- XML “Triall an Fhir Mhairbh”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Beirt fhear a bhí ag teacht inthiar o Chiarraidh le dá bhó agus iad ag deunamh ar aonach mághchromhdha oidhche bhreágh spéir-ghealaighe. Chuireadar an bóthar díobh go tapaidh go dtí go ndeigheadar chómh fada soir le Cúil a' Bhúcaig d'oir dóibh sos a thógaint annsan chun smota oidhche a chur thársa mar ba luath leó dul go dtí an sráid an tráth san don oidhche.
mar seo chomáineadar na ba isteach i bpáirc a bhí tamaillín isteach ón mbóthar - Páric ná raibh aon ghaol acu leis. ba le Léadar-Tíghearna talmhan an talmh san nuair a mhair sé. Chuaidh an bherit suas in aice carraige a bhí ann thannaigídar chúcha féin a dhá dhúid is mheasadar go ndearagóidís iad. Bhíodar annsan ar feadh tamaill ag ól tobac ar a suaimhneas nuair airígheadar an gleó is an fothram capaill a bhí ag cur a' bhóthair de chómh dian is bhí sé 'na chosaibh. Mheasadar gan ao' dhabht go raibh sé ag deunamh ortha is bhí a gcroidhtheacha ag preabarnaig le h-uathbhás. Nuair bhí sé ana chómhgarach dóibh d'aithnígheadar an marcach ar an gcéad amharc bé Léadar an Tíghearna Talmhan é, agus teine 'na shúilibh is dath mí-[?] ar a aghaidh le neart feirge.
Bhí an fhéachaint a thug "Léadar" ortha(continues on next page)- Informant
- Cáit Ní Fhúireán
- Gender
- Female
- Age
- 65
- Address
- Doire na Sagart, Co. Cork