School: Sliabh Riabhach

Location:
An Sliabh Riabhach, Co. Cork
Teacher:
Éamonn Mac Suibhne
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0329, Page 058

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0329, Page 058

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Sliabh Riabhach
  2. XML Page 058
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    seana chapaill chonnacadar trí cínn de fhiacha dúbha ann is iad chómh marbh le cnaipe. Phiocadar suas na fiacha dúbha agus thógadar leó iad. Thugadar aghaidh ar mhíol mhór annsan is do casadh trí cinn de fhaoil tuinn artha agus d'réir mar a chastaí artha iad chaithfhidís fiach dubh isteach in a mbeul. Nuair bhí na trí cinn de fhaoil tuínn marbh dúbhairt an stroinséar go raibh aon chath amháin eile rómpa fós. Ní rabhadar imthighthe abhfad nuair a chonnaiceadar palás breágh agus mórán cinn ar bhiorna ann. Dúbhairt an stroinséar go raibh bean ana bhreágh sa tigh sin agus go gcaithfheadh gach aoinne ceist éigin do cur chúiche agus dá bhfreagróchadh sí é go mbainfí an ceann do'n duine a chuir an cheist. Cuirse an cheist seo uirthi ar seisean. Nuair a chuadar isteach b'í an cheist a chuir sé uirthi ná "Deoch a fuair dís do mhairbh sé beirt, do mhairbh an bheirt triúir agus mhairbh triúir triúir is tháinig dís féin slan"
    Theip ar an mnaoi an ceist do réidhteach agus chaith sí an fear óg a phósadh. Nuair bhíodar pósta dúbhairt an stroinnséar leis gur bé féin a bhí san --- an lá fé dheire agus go raibh luach an chúig punt de thairbhe deunta aige do anois agus le na linn sin d'imthigh sé as a radharch.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0505: Dead Man as Helper
    AT0851: The Princess who Cannot Solve the Riddle
    Language
    Irish
    Informant
    Mícheál Ua Duinnín
    Gender
    Male
    Address
    An Sliabh Riabhach, Co. Cork