School: Sliabh Riabhach
- Location:
- An Sliabh Riabhach, Co. Cork
- Teacher: Éamonn Mac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Sliabh Riabhach
- XML Page 097
- XML “Táilliúir na Samhna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)go eiríghe na gréine ná go dtachthadh sí é. Dúbhairt sé go raibh sprid eile i gCéim an Fhiadh agus gur a b'amhlaidh a mhúchadh na daoíne a ghabhadh an treó agus gur i b'fuirim muice a bhí an sprid sin. Dúbhairt sé go raibh spioraid eile i gCarraigín na [?] agus gur i gcló mná a bhí sí agus ná raibh aon mharcadh capaill a gheobhadh an treó ná go dtogadh sí ar chúlaibh an mharcaig is go marbhuigheadh sí an marcach agus an capall mar go milleadh sí iad le nimh fuachta.
De réir mar bhí an táilliúir ag cur de chúinaig lucht na scoruidheachta níor fhan focal in aoinne. Do bhí a mbéal ar leathadh le h-eagla is le anaithe. Ní leigeadh eagla dhóibh casachtach a chur asda. Bhí sé in am dul abhaile ach ní fhéadfhaidís dul abhaile le h-eagla is faitchíos.Bhí an scannradh agus an eagla ar ghach aoinne istig ach amháin an cailín aimsire. Bhí sin ag deunamh a gnótha ar fúid an tíghe agus níor chuir sceulta na bpúcaí aon scáth innte Fé dheire labhair an cailín is sé an rud adúbhairt sí ná "Greadadh cúghat a tháilliúir éist is ná bí ár mbodharadh scaoíl uainn abhaile na stráilí díomhaoíne san. Táim ag éisteacht leat o thuit an oidhche ag gábhail ded' chugaireacht eirig níl focal ag teacht as do phus ach éireach níl sprid ná púca ann agus ní raibh riamh.""Tá" arsan táilliúir "Níl" arsa an cailín. "Tá" arsan táilliúir "agus tá fhios agat go bhfuil ach(continues on next page)- Informant
- Diarmaid A' Chotair
- Gender
- Male
- Address
- An Sliabh Riabhach, Co. Cork