School: Sliabh Riabhach
- Location:
- An Sliabh Riabhach, Co. Cork
- Teacher: Éamonn Mac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Sliabh Riabhach
- XML Page 103
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí Rígh ann fadó is bhí se pósta. Níorb fhada tréis saoghlú do'n cheud leinbh gur tháinig rud éigin san oidhche agus rug sé leis é ach bhí leanbh eile chun bheith ann tréis suím aimsire. Lá amháin bhí an Rígh sa t-shráid agus ar a theacht abhaile do um thráthnóna chonnaic sé istig i gcúinne na páirce ochtar fear agus iad 'na gcodhladh agus stad sé ag féachaint ortha. Ghlaoidh an Rígh ar dhuine acu agus chómh luath is do dhein dhúisgheadar go léir. D'fhiafruig sé do'n ceud duine cad a b'ainm do no cad a bhí ar a chumas a dheunamh. "Mise Cos Fé Chrios" adubhairt sé. "Nuair a thógfhainn suas cos liom do bhéarfhainn ar aon shaghas ainmhídhe a bheadh rómham amach" "Cad is ainm duitse" arsa an Rígh leis an dtarna bfear "Mise Cluas le h-Éisteacht" adúbhairt sé. Cad a dhéanfá arsan Rígh. "Dá gcuirfhinn mo cluas leis an dtalamh d'aireóchainn an feur ag fás no aon fhocal is lúgha a labharfaí sa domhan toir d'aireóchainn é."
Labhair an Rígh annsan leis an tríomhadh fear. "Cad is ainm duitse" ar seisean "Mise Greim Coinne Mhála ar seisean agus cad d'fheadfá dheunamh arsa Rígh Níl aon rud go mbéarfhainnse greim air ná go gcoimeádfhainn é pé neart a bheadh aige. Cad is ainm duitse ar seisean leis an ceathramhadh fear "Mise [?]" ar seisean agus níl aon rud na go mbéarfhainnse greim air: gur freasg mo dhroma(continues on next page)- Informant
- Bean Uí Thuma
- Gender
- Female
- Address
- An Sliabh Riabhach, Co. Cork