School: Sliabh Riabhach
- Location:
- An Sliabh Riabhach, Co. Cork
- Teacher: Éamonn Mac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Sliabh Riabhach
- XML Page 111
- XML “Piseoga”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- "Ná dein nós is ná bris nós."Dá dtéigheadh fear istig i dtig agus dá mbeadh cuigean á dheunamh ann lá Bealtaine bheadh bean a' tíghe ar ghealaig chuige mar dféadfhadh sé sochar na bliadhna a bhreith leis dá gcuireadh sé smál 'na phíopa. Dhá mbuailfheadh stroinséar isteach chugat lá Bealthaine ní bheadh muínntear a' tighe sásta go dtí go mbainfhadh sé casadh as an gcuigean d'á mbeadh sé a' dheunamh ar eagla go n-imtheóchadh sochar na bliadhna leis. Ní leigtear aon theine ná bainne amach lá Bealthaine ar eagla go dtaghadh mí rath éigin ortha dá bhárr. Ní scuabtar an tigh amach leis an lá so mar deirtear nách eirightheach an rud é. D'á gcasfhadh bean ruadh maidean laé Bealthaine ní bheadh aon rath ort fan laé. Dhá nídhfeá t-aghaidh sa drúcht an mhaidhean ceudna thiocfhadh scéimh breágh ort agus d'féadfá gach snáth a raghfhadh in aimhréidh do réidhteach. Bíonn leigheas san uisge a ritheann mar a thagann trí teórantaí le chéile lá Bealthaine ach chaithfeá dul á iarraidh sar a n-eireóchadh an ghrian agus dhá labharfá le h-aoinne sa t-slíghe ní bheadh an leigheas ann in aon chor.Oidhche Bealthaine cuirtear glas ar chro na mbó mar dá dtagfhadh droch-chómharsa chun na ba do chrú d'imtheochadh sochar na bliadhna leis. Dá ngoidfeá na buaracha an oidche ceudna as an gcró d'fhéadfá(continues on next page)
- Informant
- Seán Ua Céilleachair
- Gender
- Male
- Address
- An Doirín Álainn, Co. Cork