School: Sliabh Riabhach

Location:
An Sliabh Riabhach, Co. Cork
Teacher:
Éamonn Mac Suibhne
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0329, Page 130

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0329, Page 130

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Sliabh Riabhach
  2. XML Page 130
  3. XML “Diarmuid Deirneach agus Eoghan Ruadh”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Roinnt mhór bhliadhanta o shoin do bhí file árd thábachtach i gCiarraidhe agus duine go bhfuil moladh mór ar a chuid. Filídheachta ag muínntir an t-saoghail fé láthair sé sin Eóghan Ruadh Ua Súileabháin. Cé go raibh filídheachta is eólus mór léighinn ar Eóghan ní raibh puínn eile saidhbhris aige; do bhí sé árd dhealbh agus bhíodh sé i ngáthar airgid go minic. Is le sclábhaidheacht a mhaireadh sé no le obair d'fheirmeóirí is gnáthach go dtuileadh sé a bheata is nuair a bhíodh an obair agus an tuarastal ganachúiseach 'na dhúhaig féin in Uíbh Ráthach bhíodh air taisteal go h-áiteanna eile iasachta ar fuaid na tíre ag lorg obaire.
    I ndeire an t-Samhraidh no i ndtosach an Fhóghmhair théidheach sé go Co Luimnigh a' spealadóireacht ar feur agus gan moíll 'na dhiaidh sin thughadh sé aghaidh ar dhúthaig éigin eile ag buaint an arbhair agus nuair bhíodh an Géimhreadh ag druidim leis do ghleusadh sé a ránn agus théidheach sé a' baint phrátaí. Uair éigin i ndeire an Fhóghmhair nuair bhí na prátaí aibidh le baint thugadar na cómharsain fé ndearra go raibh Eóghan dá bheartúghadh féín agus a' gleusadh na ráinn agus bhí fhios aca go raibh sé dhá ollmhúghadh féin chun bóthair. Do bhí duine bocht eile ar an mbaile ceudhna - fear bocht oibre agus bhí sé i ngathar airgid agus mhachtnuig sé do féin gur mhaith an t-seift dul i bhfochair Eóghain chun na dtíortha soir agus
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    Language
    Irish
    Informant
    Diarmuid A' Chotair
    Gender
    Male
    Address
    Doire na Sagart, Co. Cork