School: Sliabh Riabhach
- Location:
- An Sliabh Riabhach, Co. Cork
- Teacher: Éamonn Mac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Sliabh Riabhach
- XML Page 145
- XML “Scéal”
- XML “An Bheirt Ghéarcúiseach ag Tabhairt fé a Chéile”
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Gleann Cárach 'na bhfásann an th-arbhar is biadh, na h-árd-cnoic áilne sa Deasmhúmain thiar, Trí áiteanna d'fhág Naomh Pádhraig le beannughadh ag Dia."
- Bhí file na Leasa Buidhe i dtigh tábhairne la i Maghcromhdha is bhí sé ag cainnt is ag cur de mar ba ghnáth. Bhuail chuige isteach Concubhar Mhicil ("an caillcóír) agus bhí seisean go deisbheálach leis. Chómh luath is leag a shúil ar Fhile na Leasa Buidhe mheas sé go gcuirfheadh sé speic air. Mar sin labhair sé is dúbhairt "Gach file is fáidh a' trácht ar a ealaí féin.
Fhreagair an file é is dúbhairt
"Mar mhaithe led' cheárd bí a trácht go mbeidh banaí daor" - Chómnuig fear ar an ngargaire darbh ainm Aodh Ua Tuama. Tugtaí "Aodh Gargaire" mar leas ainm air. Bhí tigh agus feirm tailimh aige. Pé sceal é thárla gur dhein sé socrú éigin ar an dtigh agus gur cuireadh an simné i ndiaidh a chúil agus deirtí aon tigh go dtárlochadh san annn go mbeadh púcaí le feisgint ann. Gan amhras nuair bhí an tigh i dtreó aige phós sé agus cailleadh a bhean, ach má (?) seadh Phós sé an tarna bhean - inghean do Shiobhán Ní Aragán(continues on next page)
- Informant
- Tadhg Ua Mullain
- Gender
- Male