School: Sliabh Riabhach
- Location:
- An Sliabh Riabhach, Co. Cork
- Teacher: Éamonn Mac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Sliabh Riabhach
- XML Page 152
- XML “An Bhaintreach Bhocht”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)sheómra thuas ná fé mo leapach". "Ní raghad ann in aonchor" ar sise. Le línn na cainnte so chuir an t-sean-duine an dorus amach de agus b'é b'fhada leis an gcailín go raibh sé as a radharc. Chonnaic sí na rudaí ceudhna is a chonnaic a dheirbhsiúr ins na seómraíbh is nuair bhí sí ag ghabháil amach doruis an t-sheómra deirneach thuit an braon folla ar a cois. D'imtigh sí síos chun na teine agus sholátharuig sé méis uisge agus thug gach iarracht chun an fola a ghlanadh ach theip glan uirthi.
Baineadh geit aiste nuair a léim cúichi an caitín "mí-abha" ar seisean "Cad é a ghéobad-sa má ghlanaim an braon diot" "Imthigh uaim a rud shailig" ar sise "nách feárr mé fhéin ná tusa chun é ghlanadh" "Bíodh leat" arsan caitín. Gan puínn moille bhí a bróga agus a stocaí uirthi agus í 'na shuide le h-ais na teine fé bhrón is bhuadhaire. i gcionn tamaill bhig bhuail an t-sean-duine chuiche isteach, "Ní hé ar seisean gur dheineas amach mo sheómra thíos no thuas agus ní h-é gur chuadhais fe'm leapach. "Níor chorruigheas" ar sise dhá fhreagaint. "Bain" ar sé díot na bróga agus cuir ort iad so. "Airiu" ní gádh dhom iad a bhaint díom in aonchor" ar sise "Béarfad liom abhaile na bróga agus cuirfhead orm annsan iad" ar sise "Ar eagla ná beidís oireamhnach duit" arsan sean-duine bocht agus crith 'na ghuth "triall ort iad." Bhain sí a bróg is a stoca do'n chos na raibh sailighthe leis(continues on next page)- Informant
- Bean Uí Thuama
- Gender
- Female
- Address
- An Sliabh Riabhach, Co. Cork